Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measunú Rangbhunaithe

Measúnú rangbhunaithe 

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sa mheasúnú sonrach/sna measúnuithe sonracha a leagtar amach i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Beidh Measúnú Rangbhunaithe amháin i ngearrchúrsaí na sraithe sóisearaí. Nuair is féidir, glacfaidh múinteoirí na ngearrchúrsaí páirt i gcruinnithe athbhreithnithe ar fhoghlaim agus ar mheasúnú.

Measúnú Rangbhunaithe: Tionscadal deiridh

Is píosa suntasach oibre é an tionscadal deiridh agus is féidir é a chur i láthair/a fhoilsiú i bhformáid dhigiteach chuí, agus is cóir é a chríochnú i dtreo dheireadh an chúrsa.  Is féidir é a bhunú ar ábhar ar bith a bhaineann leis an gcúrsa. Foilseofar an tionscadal seo agus ba chóir go léireodh sé rannpháirtíocht i dtorthaí foghlama sna ceithre shnáithe go léir. Mar chuid de mheasúnú rangbhunaithe, ba chóir don scoláire na nithe seo a leanas a chur san áireamh: feasacht ar conas fanacht sábháilte ar léin, conas freagairt ar chásanna a d’fhéadfadh bheith dochrach, na buntáistí agus na rioscaí a bhaineann le líonrú sóisialta, agus conas bheith i do shaoránach ar líne measúil agus freagrach. 

Is samplaí iad seo de chineál agus de mhéid na hoibre a bhfuiltear ag súil leo don mheasúnú rangbhunaithe

  • Ar shuíomh gréasáin na scoile, leathanach a fhoilsiú ar pholasaí do na meáin shóisialta i do scoil. Ba chóir don ábhar foilsithe sonraí a thabhairt maidir leis an tionchar dearfach agus na dúshláin atá timpeall na meán sóisialta ar líne. Ba chóir go gcuimseodh sé grafaicí eolais nó físeáin nó cuir i láthair a shonraíonn iompar cuí ar líne. Ba chóir dó freisin cairt um chearta agus freagrachtaí ar líne do dhaoine óga a leagan amach, agus an áis a chomhtháthú do dhaoine eile le hábhar a chur leis trí bhlag. 
  • Suirbhé a dhearadh ar thuairimí daoine fásta i do phobal ar úsáid na meán sóisialta. Torthaí an tsuirbhé seo a fhoilsiú le feasacht ar chearta na rannpháirtithe, cuspóir an tsuirbhé, an spriocluchta féachana agus na hardáin éagsúla ar ar féidir eolas a scaipeadh. Is cóir torthaí an tsuirbhé a chur i láthair ag úsáid ábhar físe/grafaicí/íomhánna oiriúnacha agus is cóir gach céin den phleanáil agus den taighde a bheith taifeadta go soiléir.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.